Gaeilge English česky
Fáilte chuig mo leathanach baile.
Tá eolas ar fáil anseo maidir le mo chuid oibre agus mo chúlra gairmiúil.

uirlis oibreTÁIRGÍ A CHRUTHAIGH MÉ

  • Global Glossary (globalglossary.org)
  • Votomatic (votomatic.ie, votomatic.co.uk, volbomat.cz)
  • Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge (focal.ie)breis eolais »
    focal.ie Stóras mór léacsach é seo a bhfuil timpeall is 150,000 taifead téarmaíochta ann i mBéarla, i nGaeilge agus i roinnt teangacha eile, agus é ar fad ar fáil don phobal saor in aisce. Is é seo ceann de na bunachair téarmaíochta is mó ar domhan. Ormsa a bhí sé struchtúr na sonraí a cheapadh agus bhain mé inspioráid as caighdeáin téarmaíochta de chuid ISO chuige sin. Rinne mé an bunachar sonraí a thógáil ón bhun aníos agus chruthaigh mé uirlisí chun na liostaí téarmaíochta a bhí ann roimhe a ionchur sa bhunachar go leath-uathoibríoch. Chruthaigh mé comhéadan eagarthóireachta a úsáidtear go hinmheánach chun an stór téarmaíochta atá istigh ann a bhainistiú. Chruthaigh mé an suíomh poiblí (atá le feiceáil ar www.focal.ie). Mise a rinne an leagan amach grafach ar an suíomh agus mise a cheap an t-algartam cuardaigh – algartam atá thar a bheith cliste, creidim, mar tá sé ábalta déileáil le gnéithe ar nós infhilleadh na bhfocal agus na gclaochluithe tosaigh, agus tá sé ábalta botúin litrithe a aithint go huathoibríoch. Na huirlisí a d'úsáid mé: SQL Server, ASP.NET, C#, XHTML, JavaScript. Ní úsáideann an bunachar seo XML go hinmheánach ach tá áis easpórtála go XML agus go TBX cruthaithe agam mar chuid den chóras.
  • Bunachar Logainmneacha na hÉireann (logainm.ie)breis eolais »
    logainm.ie Bunachar mór oifigiúil de logainmneacha na hÉireann. Tá breis is 100,000 aonad geografach ar taifead sa bhunachar, idir chontaetha, bharúntachtaí, pharóistí dlí, bhailte fearainn agus sráideanna, fud fad na hÉireann, móide na hainmneacha Gaeilge agus Béarla atá orthu. Tá taifid fuaime le fáil i dteannta cuid mhaith de na logainmneacha. Sa bhreis ar na logainmneacha féin, tá go leor sonraí eile ar taifead ann, mar shampla deismireachtaí stairiúla, na céadta míle íomhá scanáilte de chártaí cartlainne, comhordanáidí geografacha, agus eolas maidir le hordlathas riaracháin (cén baile fearainn atá in cén paróiste, agus mar sin de). Tá comhéadan ar fáil don phobal chun logainmneacha a chuardach i gceachtar den dá theanga nó de réir shuíomh geografach na háite. Tá léarscáil idirghníomhach leabaithe ann chun suíomh geografach na n-áiteanna a thaispeáint agus chun ligean do dhaoine brabhsáil tríd an tír. Fearacht focal.ie, bhí orm an bunachar sonraí a dhearadh agus a thógáil, móide an comhéadan eagarthóireachta agus an comhéadan poiblí a chruthú, áiseanna léarscáilíochta agus algartam cuardaigh san áireamh. Na huirlisí a d'úsáid mé: SQL Server, ASP.NET, C#, XHTML, JavaScript, Google Maps.
  • Beo! (beo.ie)breis eolais »
    beo.ie Iris idirlín i nGaeilge é seo a chuireann scoth na léitheoireachta ar fáil ó bhí 2001 ann. Cuirtear eagrán nua ar fáil ag tús gach míosa agus bíonn timpeall 20 alt i ngach eagrán ar ábhair éagsúla, idir chúrsaí reatha, chúrsaí na ndán, chúrsaí spóirt agus eile. Ó thaobh na teicneolaíochta de, tá cúpla áis ar an suíomh seo a bhfuil mé an-bhródúil astu. Ceann acu is ea gluais Gaeilge-Béarla a chuireann ar chumas iad siúd atá ar bheagán Gaeilge an luchóg a chur os cionn focail nach dtuigeann siad agus tiocfaidh an t-aistriúchán aníos i mbosca beag in aice leis. Ceann eile is ea córas cuardaigh cartlainne atá ábalta an téacs ar fad a chuardach ar bhealach atá cliste ó thaobh foirmeacha infhillte agus claochlaithe na bhfocal. Mar is iondúil, tá bunachar sonraí ar chúl an tsuímh seo móide comhéadan eagarthóireachta agus comhéadan poiblí. Mise a chruthaigh sin uile. Mise a dhear lógó na hirise chomh maith. Na huirlisí a d'úsáid mé: SQL Server, ASP.NET, C#, XHTML, JavaScript, Markdown.
  • Pota Focal (potafocal.com)breis eolais »
    potafocal.com Bailiúchán foclóirí agus gluaiseanna Gaeilge é Pota Focal. Tá teasáras Gaeilge ar fáil ann chomh maith. Tá inneachar an tsuímh seo tiomsaithe ó fhoinsí éagsúla agus bím ag cur leis an t-am ar fad. I measc na mbailiúchán atá ar fáil ann tá gluais phearsanta de mo chuid féin atá á bailiú agam leis na blianta. Tá an suíomh seo á riar agam mar thionscadal pearsanta. Tá bunachar sonraí ar chúl an tsuímh seo móide comhéadan eagarthóireachta agus comhéadan poiblí. Mise a chruthaigh sin uile. Mise a dhear an lógó chomh maith. Na huirlisí a d'úsáid mé: SQL Server, ASP.NET, C#, XHTML, JavaScript.
  • Seanfhocla Chonnacht (leabhar + CD-ROM)breis eolais »
    Seanfhocla Chonnacht Eagrán athchóirithe de bhailiúchán cáiliúil de sheanfhocail é seo. Cois Life a d'fhoilsigh i bhfoirm leabhair agus CD-ROM in 2010. Mise a chóirigh an CD-ROM. Tugann an CD-ROM deis don léitheoir na seanfhocail a bhrabhsáil de réir go leor critéar: de réir ábhar, mar shampla Bás, Mná, Sláinte; de réir focal, mar shampla is féidir liosta a fháil de gach seanfhocal ina dtagann an focal "cloch" chun cinn (foirmeacha infhillte agus claochlaithe san áireamh); agus de réir foinsí, mar shampla is féidir liostaí a fháil de na seanfhocail a bailíodh i gceantar áirithe, ó dhuine áirithe, ó fhoinse scríofa áirithe, agus mar sin de. Tá naisc inchliceáilte ar fáil ar nach mór gach focal sa téacs: mar shampla, agus tú ag léamh an tseanfhocail "tráthnóna fómhair, cloch i bpoll móna", is féidir cliceáil ar an fhocal "móna" agus liosta a fháil de na seanfhocail ar fad eile a bhfuil an focal "móin" (nó foirm ar bith de) iontu. Baineadh úsáid as bunachar sonraí Microsoft Access chun an t-ábhar ar fad a thiomsú. Ansin, rinne mé inneachar an CD-ROM a ghiniúint as sin mar chnap mór de leathanaigh HTML statacha. Ar Windows, feidhmíonn an CD-ROM mar HTML Application. Ar gach córas oibriúcháin eile, mar shampla Macintosh agus Linux, is féidir inneachar an CD-ROM a bhrabhsáil mar a bheadh suíomh idirlín ann. Is féidir an leabhar, agus an CD-ROM leis, a cheannach ó Chois Life anseo »

uirlis oibreTÁIRGÍ AR CHUIDIGH MÉ ORTHU

Chruthaigh mé an leagan amach grafach atá ar na suíomhanna seo a leanas.

  • Ranganna.comáit ar féidir an Ghaeilge a fhoghlaim ar an Idirlíon
  • Siopa.iesiopa earraí Gaelacha
  • ClubLeabhar.comclub leabhar ar líne a chuireann lucht léite leabhar Gaeilge le chéile
  • Cois Lifecomhlacht foilsitheoireachta
  • Scríobh.iecomhairle ríomhaireachta do scríbhneoirí Gaeilge
  • Dúrudcomhlacht a chuireann an ríomhaireacht agus an Ghaeilge le chéile
  • mSemiconcomhlacht a sholáthraíonn trealamh leictreonach

bolgán cainteFOILSEACHÁIN AGUS CAINTEANNA

  • How to build a termbase for 500,000 users (and live to tell the story) (le Brian Ó Raghallaigh) — caint ag comhdháil TKE (Terminology and Knowledge Engineering) 2010, Baile Átha Cliath (13 Lúnasa 2010)
  • When definitions are not enoughcaint ag comhdháil TKE (Terminology and Knowledge Engineering) 2010, Baile Átha Cliath (12 Lúnasa 2010) Foilsithe in: Ú. Bhreathnach, F. de Barra-Cusack (eag.) (2010) Terminology and Knowledge Engineering Conference 2010, Baile Átha Cliath: Fiontar, Dublin City University, lch. 81-92 Aire! Tá an leagan a foilsíodh breac le botúin de bharr go bhfuil formáidiú mícheart ar fhormhór na léaráidí. Tá an leagan seo ar líne ceart.
  • The Focal.ie National Terminology Database for Irish (le Brian Ó Raghallaigh) — taispeántas ag Comhdháil Idirnáisiúnta Euralex, Ljouwert/Leeuwarden, an Fhreaslainn (8 Iúil 2010) Foilsithe in: A. Dykstra, T. Schoonheim (eag.) (2010) Proceedings of the 14th Euralex International Congress, Ljouwert/Leeuwarden: Fryske Akademy, lch. 937-948
  • What WordNet does not know about selectional preferencescaint ag Comhdháil Idirnáisiúnta Euralex, Ljouwert/Leeuwarden, an Fhreaslainn (8 Iúil 2010) Foilsithe in: A. Dykstra, T. Schoonheim (eag.) (2010) Proceedings of the 14th Euralex International Congress, Ljouwert/Leeuwarden: Fryske Akademy, lch. 431-436
  • 'Tabhair dom a bhfuil uaim': conas inneall cuardaigh a thógáil d'fhoclóir leictreonachcaint ag Imbolc i mBaile Bhúirne (6 Feabhra 2010)
  • User-Friendliness: the key to promoting a minority language on the Internet (le Brian Ó Raghallaigh) — caint ag an 12ú Comhdháil Idirnáisiúnta na Mionteangacha, Tartu, an Eastóin (28 Bealtaine 2009)
  • Selectional Preferences, Corpora and Ontologiesmiontráchtas MPhil ag Coláiste na Tríonóide, Ollscoil Átha Cliath (Meán Fómhair 2008)
  • Giving them what they want: search strategies for electronic dictionariescaint ag Comhdháil Idirnáisiúnta Euralex, Barcelona, An Chatalóin (Iúil 2008) Foilsithe in: E. Bernal, J. DeCesaris (eag.) (2008) Proceedings of the 13th Euralex International Congress, Barcelona: Universitat Pompeu Fabra, lch. 1295-1299
  • 'Cá bhfuil mo shínte fada?': ionchódú téacs ar ríomhairícaint ag Cumann na nInnealtóirí (6 Márta 2008)
  • Ionchódú Téacs ar Ríomhairí (Lúnasa 2007) Foilsithe in: Comhar, Imleabhar 67, Uimhir 8, lch. 13-16
  • Localization into Irish (Deireadh Fómhair/Samhain 2007) Foilsithe in: Multilingual Computing and Technology, Imleabhar 18, Uimhir 7, lch. 53-56
  • Finding the right structure for lexicographical data: experiences from a terminology projectcaint ag Comhdháil Idirnáisiúnta Euralex, Torino, An Iodáil (7 Meán Fómhair 2006) Foilsithe in: E. Corino, C. Martello, C. Onesti (eag.) (2008) Proceedings of the 13th Euralex International Congress, Imeabhar 1, Torino: Edizioni dell'Orso, lch. 189-198

duaisDUAISEANNA AGUS AIMNIÚCHÁIN

  • An Duais Eorpach do Theangacha (an Lipéad Teanga) Bronnadh ar Logainm.ie (2010) · Bronnadh ar Ranganna.com (2009) · Bronnadh ar Focal.ie (2007) · Bronnadh ar Beo! (2002)
  • Barr-50 Gnó le Gaeilge Ainmníodh Beo! (2010) · Ainmníodh mé féin (2007)
  • Irish Web Awards Bronnadh ar Focal.ie sa chatagóir An Suíomh Gaeilge is Fearr (2008)
  • Comórtas Liteartha Oireachtas na Gaeilge Bhuaigh mé an tríú duais sa chatagóir Aiste ar Théama Innealtóireachta leis an aiste Ionchódú Téacs ar Ríomhairí (2006)

leabhar oscailteOIDEACHAS AGUS CÁILÍOCHTAÍ

  • Dioplóma Iarchéime sa Ghaeilge Fheidhmeach Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (2010)
  • MPhil i bPróiseáil Teanga agus Urlabhra Coláiste na Tríonóide, Ollscoil Átha Cliath (2008)
  • BA Onórach (2.1) The Open University (2005)

CÚRSAÍ TRAENÁLA

  • Grammatical Framework Summer School Barcelona, An Chatalóin (Lúnasa 2011)
  • Geographical Information System Applications for the Arts and Humanities Ollscoil na Banríona, Béal Feirste (Meán Fómhair 2009)
  • Lexicom: Workshop in Lexicography and Lexical Computing Ollscoil Masaryk, Brno, Poblacht na Seice (Meitheamh 2007)
  • International Terminology Summer School Ollscoil na nEolaíochtaí Feidhmeacha, Köln, An Ghearmáin (Iúil 2005)

clúdach litreachCONAS TEACHT ORM

Ríomhphost: valselob@gmail.com. Tá mé lonnaithe i mBaile Átha Cliath.